Cookies help website users perform certain functions. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on this website.
If you wish, you can change your cookie settings at any time.
Tel: (066) 915 1919 Email: eolas@cccdteo.ie
Cabhair
Polasaí Príobháideachais - Éire
Bailiú agus Úsáid Eolais
Ní bhaileoidh an Comhar Creidmheasa aon eolas pearsanta fút ar an suíomh idirlín seo nó ar aip shoghluaiste d’Android agus iOS gan do chead. Cuirfimíd tú ar an eolas maidir le húsáid do chuid sonraí sula mbaileoimíd é, chun rogha a thabhairt duit an dtabharfaidh tú an t-eolas dúinn nó nach dtabharfaidh.Caithfear le haon eolas a chuirfidh tú ar fáil dúinn le caighdeán ard slándála agus rúndachta agus de réir téarmaí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, Treoir 95/46/EC de Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 24 Deireadh Fómhair 1995 ar Chosaint an Duine Aonair i leith próiseáil Sonraí Pearsanta agus i leith Saor-Ghluaiseacht na Sonraí sin, agus / nó aon reachtaíocht leasaithe go bhfeadfaí go nglacfadh Éire leis ó am go ham.
Más rud é, tar éis duit do chuid sonraí pearsanta a thabhairt dúinn, go socraíonn tú nach dteastaíonn uait go gcoimeádfaimís nó go n-úsáidfimís an t-eolas seo a thuilleadh, nó más rud é go n-éiríonn an t-eolas as dáta, is féidir leat sinn a chur ar an eolas faoi seo, agus bainfimíd nó ceartóimíd an t-eolas laistigh de thréimhse réasúnta ama agus de réir riachtanais reachtacha.
Admhaíonn tú agus aontaíonn tú i gcásanna áirithe go mb’fhéidir go gcaithfimís eolas pearsanta a nochtadh a bhaineann leat le tríú páirtithe, mar shampla, chun oibriú de réir riachtanais dleathacha chun dul in oiriúint le haon phróiseas dleathach, chomh maith le cosaint cearta maoine an chomhair chreidmheasa, ár gceadúnaithe agus / nó ár gcustaiméirí.
D’fhéadfaí monatóireacht nó taifeadadh a dhéanamh ar ghlaochanna fóin chun a chinntiú go bhfuilimíd ag cuir do threoracha i bhfeidhm i gceart agus chun feabhas a chur ar chaighdeán ár seirbhíse agus ar mhaithe le slándáil.
Úsáid Eolais Theicniúil
Cuacha is ea comhaid a aistrítear ó shuíomh idirlín go diosca crua do ríomhaire. Is féidir le cuacha eolas a stóráil maidir le do roghanna agus eolas eile a bhíonn uait nuair a théann tú ar shuíomh idirlín. Úsáideann an Comhar Creidmheasa cuacha chun súil a choimeád ar thrácht ár suíomh idirlín, chun leibhéil seirbhísí níos airde a chinntiú agus chun gnéithe áirithe a sholáthar duit ar nós seachadadh eolais áirithe oiriúnaithe. Chun stop a chur le cuacha is féidir leat an áis atá ar fáil ar fhormhór na mbrabhsálaithe idirlín a úsáid a ligeann duit glacadh nó gan glacadh le cuacha. Faigh amach conas glacadh le cuacha.Cuireann na staitisicí agus an t-eolas anailíseach bailithe tríd an ngnáth-chóras seirbhísí idirlín agus logálaí ar fáil dúinn eolas ginearálta agus ní eolas áirithe ar leith. Ní dhéanfaidh an Comhar Creidmheasa aon iarracht úsáideoir ar leith a aithint, nó aon eolas teicniúil bailithe a cheangail le húsáideoir ar leith.
Séanadh
Ní bheidh an Comhar Creidmheasa, a stiúrthóirí, fostaithe, seirbhísí agus gníomhairí, cleamhnaí nó ionadaithe eile agus a gcuid comhluchtaí máthairchuideachta agus fochuideachta faoi dhliteanas i leith aon éilimh, éigeandálaí, cúiseanna gníomha, damáistí, caillteanas, costais, gan teorainn san áireamh, táillí réasúnta dlí agus costais imeachtaí ag éirí as nó ag baint le húsáid agus / nó scaipeadh eolas pearsanta ag baint leatsa faoi réir ag an bpolasaí príobháideachais seo agus do thoiliú.Ba cheart go mbeifeá ar an eolas maidir le nasc a dhéanann tú le suíomh idirlín eile ó shuíomh idirlín an Chomhair Chreidmheasa. Níl aon fhreagracht ag an gComhar Creidmheasa maidir le polasaithe príobháideachais suíomhanna idirlín eile.












