Cookies help website users perform certain functions. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on this website.
If you wish, you can change your cookie settings at any time.
Tel: (066) 915 1919 Email: eolas@cccdteo.ie
Cabhair
Téarmaí & Coinníollacha - Éire
Tá teacht air agus úsáid an eolais atá ann faoi réir ag na téarmaí agus na coinníollacha mar atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus na coinníollacha tábhachtach agus tá siad ann ar mhaithe le cosaint duitse agus dúinne araon. Tóg do chuid ama na téarmaí agus na coinníollacha a léamh go cúramach le do thoil. Má leanann tú ar aghaidh glacfar leis go bhfuil tú ag glacadh leo. Tabhair faoi ndeara le do thoil go gciallaíonn na tagairtí dúinne An Comhar Creidmheasa agus ár bhfochuideachtaí agus comhghleacaithe.
1. Bunaíodh an suíomh seo in Éirinn de réir dlíthe na hÉireann agus beidh sé faoi rialú ag dlíthe na tíre sin. Nuair a bhaineann tú úsáid as an suíomh seo, glacann tú go bhfuil d’úsáid an tsuímh seo agus aon eolas ar an suíomh seo, faoi rialú dlíthe na hÉireann agus más rud é go mbíonn éileamh nó aighneas ag éirí as úsáid an tsuímh seo nó aon eolas atá air, aontaíonn tú gur ag cúirteanna na hÉireann a bheidh dlínse ar leithligh ar éilimh agus aighneas don tsórt sin.
2. Tá inneachar an tsuímh seo curtha ar fáil mar eolas duit amháin. D’fhéadfadh dáileadh eolas an tsuímh seo a bheith teoranta ag dlí áitiúil nó rialú i ndlínsí áirithe. Ní ar mhaithe le dáileadh nó úsáid atá an t-eolas seo d’aon duine nó aonán in aon dlínse agus ba cheart do dhaoine a fhéachann ar na leathanaigh seo a bheith ar an eolas agus cloí leis na srianta seo. Má tá aon amhras ort ar cheart duit an Suíomh seo a úsáid go dleathúil ná lean ort a thuilleadh le do thoil.
3. Tá srianta áirithe ag baint le roinnt den eolais ar tháirgí agus seirbhísí ar an Suíomh seo i dtaobh na ndaoine go bhféadfaí an t-eolas seo a chur ar fáil dóibh. Tá sonraí na srianta leagtha amach ar na leathanaigh a bhaineann leo agus ba cheart duit na sonraí sin a léamh go cúramach sula leanann tú ar aghaidh go dtí an leathanach ábhartha.
4. Tá roinnt den eolais ar na táirgí agus na seirbhísí atá ar fáil ar an Suíomh seo faoi réir ag Fógraí agus Foláirimh Dlíthiúla breise. Tá na fógraí agus na foláirimh seo tábhachtach agus tá siad ann ar mhaithe le cosaint duitse agus dúinne. Tóg do chuid ama ag léamh na bhFógraí agus na bhFoláirimh Dhlíthiúla go cúramach ar leathanaigh an tsuímh seo a léann tú.
5. Thugamar an t-eolas ar an suíomh seo le meon macánta. Thógamar an t-eolas ó thrádáil agus foinsí eile gur féidir brath orthu go bhfios dúinn. Cé go bhfuil gach iarracht réasúnta tógtha againn chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas ar fad ar an Suíomh seo cruinn ag an am gur cuireadh isteach é, ní féidir linn seasamh leis gur seo mar atá agus níor cheart a bheith ag brath air gurb ea. Tabhair faoi ndeara le do thoil go bhféadfaimís eolas a athrú nó a uasdátú ar an Suíomh seo aon am gan fógra a thabhairt maidir leis na hathruithe. Baineann aon tuairimí agus meastacháin léirithe lenár mbreithiúnas ag an ndáta tugtha agus d’fhéadfaí iad a athrú gan fógra. Dá bhrí sin aontaíonn tú nach sinne atá freagrach as aon mhíchruinnis nó easnaimh. Muna dtuigeann tú nó má tá aon cheist agat maidir le heolas ar an Suíomh seo, molaimíd duit dul i gcomhairle le comhairleoir proifisiúnta airgeadais.
6. Tabhair faoi ndeara le do thoil maidir le heolas pearsanta a sheoladh ar ríomh-phost nó ar an idirlíon go dtarlódh sé nach bhfuil sé sábháilte agus go bhféadfadh tríú páirtí an t-eolas a idircheapadh nó go dtabharfaí don áit mhícheart é. Níor cheart duit eolas pearsanta a thabhairt ar an idirlíon muna bhfuil tú ag úsáid teicneolaíocht chumarsáide sábháilte agus criptithe.
7. Úsáideadh nascanna hipirtéacs go suíomhanna eile idirlín ar roinnt de na leathanaigh seo nach bhfuil caomhnaithe againne. Cuirtear i gcuimhne duit, nuair a théann tú via nascanna hipirtéacs go suíomhanna eile, nach mbeidh tú faoi réir ag na téarmaí agus coinníollacha seo agus nach mbeidh sé mar bhuntáiste agat an cosaint a chuirtear ar fáil duit ag úsáid an tSuímh seo. Ní bheimíd freagrach as aon inneachar, inúsáidteacht nó úsáid a leithéid de shuíomhanna idirlín nascaithe agus go n-úsáideann tú na nascanna sin ar do riosca féin ar fad.
8. Tá nascanna hipirtéacs ar roinnt de na leathanaigh ar an Suíomh seo go suíomhanna eile idirlín ag aonaid gnó, fochuideachtaí agus comhghleacaithe an Chomhair Chreidmheasa. Cuirtear i gcuimhne duit nuair a théann tú ar na suíomhanna sin go mbeidh tú faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha na suíomhanna sin.
9. Tá teacht air agus úsáid an tSuímh seo ar do riosca féin agus ní sheasaimíd nó ní éilimíd maidir le díobháil do mhaoin, cailliúint eolais ar do ríomhaire nó víreas ar do ríomhaire san áireamh ach ní hamháin é, agus tú ag úsaid an tSuímh seo nó aon ábhair íoslódáilte uaidh. Ní ghlacfaimíd le dliteanas d’aon tsórt in aon slí, dliteanas as faillí nó aon damáiste in aon chor agus dá bharr go mbeadh caillteanas úsáide, sonraí nó brabús, ag éirí as nó ag baint le teacht air, úsáid nó feidhmíocht an tsuímh seo nó a inneachar.
10. Tá an t-eolas ar an suíomh seo ann ar mhaithe le heolas amháin. Cé go bhfuil gach iarracht déanta á ullmhú, ní dhéanaimíd aon bharántaí nó léiriúcháin maidir le críochnúlacht, cruinneas nó iontaofacht an tSuímh seo. Ní ghlcaimíd le haon fhreagracht maidir le inneachar an tSuímh seo.
11. Tá inneachar an tSuímh seo, téarmaí agus coinníollacha san áireamh, faoi réir ag athrú uainne gan aon fhógra. Déanfar uasdátú ar an Suíomh seo ó am go ham agus uaireanta d’fhéadfadh sé a bheith as dáta. Ní ghlacaimíd le haon fhreagracht ar an Suíomh seo maidir le heolas a choimeád suas chun dáta nó dliteanas as teipeadh é a dhéanamh.
12. Is linne an cóipcheart ar an Suíomh seo agus an t-eolas a leagtar síos ann agus níl cead cóip a dhéanamh do, nó scaipeadh nó athchruthú a dhéanamh air gan cead roimh ré a fháil.