Cookies help website users perform certain functions. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on this website.
If you wish, you can change your cookie settings at any time.
Tel: (066) 915 1919 Email: eolas@cccdteo.ie
Achoimre Shlándála
Úsáideann láthair na mball roinnt leibhéil teicneolaíochta chun rúndacht agus macántacht idirbhearta a chinntiú trasna an idirlín. Cinntíonn SSL Protocol (Secure Sockets Layer) nach féidir le ríomhairí eile do chuid sonraí a léamh agus é ag taisteal idir do bhrabhsálaí agus ár bhfreastalaí. Ligeann teastais dhigiteacha duit a chinntiú go bhfuil do bhrabhsálaí ag déanamh cumarsáide lenár bhfreastalaí agus ní le freastalaí eile atá ag ligint air gur sinne atá ann. Úsáidtear uimhreacha ball, uimhreacha PIN, do dháta breithe agus eolas pearsanta eile chun d’aitheantas a chinntiú. Chun seirbhís ar-líne a sholáthar ar an idirlíon, caithfidh eolas a bheith ábalta trasnú go sábáilte idir do ríomhairese agus ar bhfreastalaí.Sainmhínithe Slándála
Do bhrabhsálaí- Faoi mar a thagann forbairt ar chriptiúchán, ní mhór uasdátú a dhéanamh ar bhrabhsálaithe ar fad chun úsáid a bhaint as feabhsúcháin i gcumarsáid shábháilte. Molaimíd duit brabhsálaí suas chun dáta a úsáid. Molaimíd duit ar a laghad go n-úsáidfeá Internet Explorer, Google Chrome, Firefox, Opera nó Safari.Cuacha – Píosa eolais is ea cuacha a thugann ár bhfeastalaí do do bhrabhsálaí chomh luath is atá seisiún sábháilte bunaithe ag do bhrabhsálaí. Go bunúsach deireann na cuacha lenár gcóras go bhfuil seisiún sábháilte bunaithe cheana le do ríomhairse. Gan na sonraí cuacha, bheadh ort logáil isteach gach uair a lorgódh do bhrabhsálaí aon eolas ó ár bhfreastalaí. Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe Logáil Amach chun Láthair na mBall a fhágaint, deintear scrios ar shonraí na cuaiche ón gcóras ag briseadh an nasc idir do ríomhairse agus ár bhfreastalaí. Cinntíonn an cnaipe Logáil Amach go gcuireann tú deireadh leis an seisiún go sábháilte.
Ag Taisceadh - Ciallaíonn ag taisceadh stóráil sealadach eolais i gcuimhne do ríomhairese nó a dhiosca crua. Nuair a fhéachann tú ar leathanach ar an idirlíon, d’fhéadfadh do bhrabhsálaí cóip don eolais sin a choimeád go háitiúil. Is féidir leis seo a bheith an-áisiuil chun teacht arís ar leathanaigh gur fhéach tú orthu cheana féin. D’fhéadfadh sé áfach, fadhbanna a chruthú nuair a athraítear an suíomh idirlíon, sa chás sin d’fhéadfá a bheith ag féachaint ar eolas atá as dáta nó eolas míchruinn. Is féidir leat do thaisce a ghlanadh.
Ceisteanna Coitianta
Conas go mbeadh a fhios agam an bhfuil mo shonraí cuntais sábháilte agus go gcoimeádfar eolas eile sábháilte?Nuair atá do bhrabhsálaí agus ár bhfreastalaí ag bunú seisiún sábháilte malartóidh siad cód rúnda. Glaotar go minic eochair sheisiúin air seo. Úsáidtear an eochair sheisiúin chun criptiúchán a dhéanamh ar na sonraí ar fad a thaistealaíonn tríd an idirlíon, do shonraí cuntais, idirbhearta agus iarratais ar iasachtaí san áireamh.
Conas go mbeadh a fhios agam go bhfuil an t-eolas a sheolann an freastalaí cruinn agus nár athraíodh é en route?
Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat nár baineadh le do chuid eolais agus é ag taisteal tríd an idirlíon. Baineann cuid do SSL Protocol le húsaid Message Authtication Code (MAC). Má bhaintear le do theachtaireacht ar an slí ní ghlacfaidh do bhrabhsálaí leis an dteachtaireacht.
Conas go mbeadh a fhios agam an bhfuil m’uimhir bhaill agus PIN coimeádta faoi rún?
Nuair atá do bhrabhsálaí agus ár bhfreastalaí ag bunú seisiún sábháilte malartóidh siad cód rúnda. Glaotar go minic eochair sheisiúin air seo. Úsáidtear an eochair sheisiúin chun criptiúchán (suaith) a dhéanamh ar na sonraí ar fad a thasitealaíonn idir an dá ríomhaire. Ní bheidh an eochair sheisiúin ach ag do bhrabhsálaí agus ag ár bhfreastalaí go bhféadfadh díchriptíchán (díshuaith) a dhéanamh ar do chuid eolais.
Freagracht an Bhaill
Chun ár gcuid seirbhísí a úsáid go sábháilte, ba cheart duit i gcónaí:1. Cinntiú go gceanglaíonn tú leis an seoladh idirlín ceart.
2. Cinntiú go dtaispeánann do bhrabhsálaí seisiún sábháilte.
3. Cinntiú go mbrúann tú an cnaipe Logáil Amach nuair a chríochnaíonn tú.
4. Coimeád d’uimhir Bhaill agus d’uimhir PIN faoi rún.
5. Tabhair aire do do chuid eolais nuair atá sé tagtha go dtí do bhrabhsálaí.
An Seoladh Suímh Idirlín Ceart
Bí cinnte go gceanglaíonn tú leis an seoladh suíomh idirlín ceart. Tosnóidh an seoladh ceart do bhaill le logáil isteach ar an suíomh idirlín le https://. Má thaispeánann do bharra seolta http gan an s ní bheidh do sheisiun sábháilte.Caithfidh tú a chinntiú go bhfuil do bhrabhsálaí ag taispeáint Seisiún Sábháilte. Ligfidh an Teastas Digiteach a sheolfaidh ár bhfeastalaí go dtí do bhrabhsálaí ár suíomh idirlíon a aithint ar leithligh. Tabharfaidh do bhrabhsálaí rabhadh duit má tá an Teastas Digiteach mícheart.
Rabhadh! Ná lean ar aghaidh ach amháin má tá an seoladh i gceart agus do sheisiún sábháilte.
Seisiún Sábháilte
Tá slite difriúla ag brabhsálaithe difriúla chun a thaispeáint go bhfuil seisiún sábháilte agus ba cheart duit na doiciméid nó na comhaid chabhrach a scrúdú ar do bhrabhsálaí. Tugann na nascanna thíos sonraí ar na brabhsálaithe is sábháilte.Secure Websites in Internet Explorer
Secure Websites in Firefox
Secure Websites in Google Chrome
Secure Websites in Safari
Secure Websites in Opera












