Cookies help website users perform certain functions. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on this website.

If you wish, you can change your cookie settings at any time.


Login to your online accountRegister for your PIN to access your account online

Tel: (066) 915 1919 Email: eolas@cccdteo.ie

Cabhair Socruithe Cuacha

Cuacha

Maidir leis na riachtanais nua ar Chuacha ag teacht ó athbhreithniú Treorach e-Privacy, tá an Comhar Creidmheasa ag oibriú i dtreo na riachtanais nua a chur i bhfeidhm ar aon dul le treoir ó Oifig Eolais na gCoimisinéirí.

Chun úsáid ár Suíomh a dhéanamh chomh fuirist agus is féidir agus chun feabhas a chur ar an seirbhís a chuirimíd ar fáil duit, úsáidimíd cuacha.
Cad is ea Cuacha?

Cuacha is ea comhaid téacs a stórálann freastalaithe idirlín ar dhiosca crua do ríomhaire nuair a fhéachann tú ar shuíomh idirlín. Tá dhá phríomh-shaghas ann:

  • Cuacha sealadacha (nó in aghaidh an tseisiúin).
    Ní mhaireann siad seo ach an fhaid atá tú ag féachaint ar an suíomh agus scriostar iad nuair a fhágann tú an suíomh. Aithníonn siad tú de réir mar a bhogann tú idir leathanaigh, mar shampla, ag taifead earraí atá curtha sa chiseán agat. Cabhraíonn na cuacha seo slándáil a choimeád.
  • Cuacha buanseasmhacha (nó buan)
    Fanann siad seo ar do ríomhaire go mbíonn siad as dáta nó scriosta. Tá roinnt mhaith acu tógtha le dáta uathscriosta chun a chinntiú nach n-éiríonn do thiomántán crua curtha thar maoil. Stórálann agus tagann na cuacha seo isteach i do chuid eolais logáil isteach, chun nach gá duit cuimhneamh ar shonraí ballraíochta.
Ina theannta sin, is féidir le cuacha a bheith mar chuacha chéad nó tríú páirtí. Cruthaítear agus is leis an suíomh go bhfuil tú ag féachaint air cuacha chéad pháirtí – sa chás seo ag an gComhar Creidmheasa. Cruthaítear agus is le comhlacht neamhspleách cuacha tríú páirtí, de ghnáth comhlacht ag soláthar seirbhís d’úinéirí an tsuímh idirlín. Sa chás seo, soláthraítear cuacha tríú páirtí ón Suíomh seo atá fós faoi réir ag na soláthairtí atá leagtha amach thíos.

Cad chuige a úsáidimíd cuacha

Cabhraíonn cuacha leat rudaí a dhéanmah ar líne, ar nós cuimhneamh ar shonraí logáil isteach chun nach gá duit iad a chur isteach arís nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh arís.
Úsáidimíd cuacha chun:

  • Eolas a bhailiú ar thaisteal an chustaiméara tríd ár suíomh.
  • Do phríodáideachas a chinntiú inár suíomh sábháilte.
  • Sonraí a stóráil go sealadach atá curtha isteach inár n-áireamháin, uirlisí, léirithe agus taispeántais.
Úsáidimíd ár gcuacha féin (chéad pháirtí) agus cuacha comhlachtaí comhpháirtithe (tríú páirtí) chun tacú leis na gníomhaíochtaí seo.

Ní úsáidimíd cuacha chun úsáid idirlín daoine a leanúint tar éis dóibh ár suíomh a fhágaint.

Seirbhísí go bhfuil cuacha cumasaithe

Tá cuacha ag teastáil ó roinnt dár seirbhísí i do bhrabhsálaí chun féachaint orthu agus chun iad a úsáid agus chun do chuid eolais peasrsanta agus príobháideach a chosaint.

Ag athrú do shocruithe cuacha

Níl ceangal ort glacadh le cuacha a chuirimíd chugat agus is féidir leat do bhrabhsálaí a athrú chun nach nglacfaidh sé le cuacha. Chun cuacha a chumasú nó a mhíchumasú, lean na treoracha a thugann do bhrabhsálaí duit (de ghnáth bíonn sé laistigh de Chabhair, Uirlisí nó Áis Eagarthóireachta). Rogha eile, tá acmhainn sheachtrach ar fáil, ag soláthar eolais ar leith maidir le cuacha agus conas iad a bhainistiú chun dul in oiriúint do do roghanna.

Tabhair faoi ndear le do thoil má shocraíonn tú do bhrabhsálaí chun cuacha a mhíchumasú, b’fhéidir nach mbeidh tú ábalta teacht ar láithreacha sábháilte don Suíomh seo, mar shampla aon chuntais ar-líne atá agat.
Find Us here:
FacebookFacebook
TwitterTwitter
  • Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne Teoranta
  • Tel: (066) 915 1919
  • Email: eolas@cccdteo.ie
  • Web: http://www.cccdteo.ie
Tá Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne Teoranta faoi rialú ag Banc Ceannais na hÉireann. Uimh. Chlár. 449CU