Cookies help website users perform certain functions. If you continue without changing your settings, we'll assume that you are happy to receive all cookies on this website.

If you wish, you can change your cookie settings at any time.


Login to your online accountRegister for your PIN to access your account online

Tel: (066) 915 1919 Email: eolas@cccdteo.ie

Cabhair Logáil Isteach: Leathanaigh Shlána

Muna bhfaigheann tú freagra do cheiste anseo, téir i dteagmháil leis an gComhar Creidmheasa led’ thoil. Más féidir, tabhair an méid eolais gur féidir leat chomh maith leis an dteachtaireacht earráide a fhaigheann tú nuair a thagann tú ar an bhfadhb áirithe seo.

Ní féidir féachaint ar an logáil isteach nó aon leathanach eile slán

Tá an leathanach logáil isteach agus leathanaigh Láthair na mBall criptithe go digiteach ag teastas slán chun sláine an eolais a théann idir do ríomhaire agus ár bhfreastalaí gréasáin a chosaint. Aithnítear na leathanaigh seo ag an seoladh atá acu a thosnaíonn de ghnáth le https://, teaspeánann an s gur leathanach slán é.

Faraoir, ní aithníonn brabhsálaithe críonna na teastais nua digiteacha, agus caithfí iad a uasghrádú más gá logáil isteach i do chuntas. Tá buntáistí na dteastas seo soiléir, ní féidir le héinne ach tusa sonraí dó chuntais a fheiscint.

Uaireanta bíonn fabhtanna nó lúb ar lár slándála sna córais fheidhmíochta ag na brabhsálaithe is déanaí a chuireann stop le logáil isteach, agus chaithfí paiste nó uasghrádú a íoslódáil i gcomhair do ríomhaire nó brabhsálaí áirithe.

Más féidir, ba cheart duit a bheith ag úsáid an leagan is déanaí de Internet Explorer nó aon cheann de na brabhsálaithe eile (Firefox, Google Chrome, Safari, Opera, etc.) Ba cheart duit cinntiú go bhfuil na paistí agus uasghrádaithe is déanaí íoslódálta agat, go háirithe má tá tú ag teacht ar an Idirlíon atá ag rith Microsoft Windows. Réitíonn na paistí agus uasghrádaithe seo na fadhbanna logáil isteach de ghnáth, ach tá buntáiste breise acu go bhfeabhasaíonn siad slándáil do ríomhaire, ag cosaint i gcoinne íoslódálaithe mailíseacha agus víris.

Is fédir na leaganacha is déanaí de na brabhsálaithe is coitianta a íoslódáil anseo ó na nascanna seo a leanas:

 


Internet Explorer 
Íoslódáil an leagan is déanaí de Microsoft Internet Explorer


Safari 
Íoslódáil an leagan is déanaí de Safari


Mozilla Firefox 
Íoslódáil an leagan is déanaí de Firefox


Google Chrome 
Íoslódáil an leagan is déanaí de Google Chrome


Opera 
Íoslódáil an leagan is déanaí de Opera


Má tá brabhsálaí suas chun dáta agat cheana féin, b’fhéidir go gcaithfeá uasdátú ar Windows a rith má tá do ríomhaire ag rith Microsoft Windows. Smaoineamh maith is ea é an t-uasdátú seo a rith go rialta mar feabhsóidh sé slándáil do ríomhaire. Is féidir an nasc uasdátú Windows a rith ó Windows Start Menu » Windows Update, nó ag cliceáil an nasc seo a leanas::

http://update.microsoft.com

Muna bhfuil an nasc seo rite agat riamh cheana, tógfaidh sé tamall na céimeanna riachtnacha a chur i gcrích. Ina dhiadh sin, má ritheann tú an t-uasdátú go rialta, ba cheart go mbeadh sé i bhfad níos tapúla.

Find Us here:
FacebookFacebook
TwitterTwitter
  • Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne Teoranta
  • Tel: (066) 915 1919
  • Email: eolas@cccdteo.ie
  • Web: http://www.cccdteo.ie
Tá Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne Teoranta faoi rialú ag Banc Ceannais na hÉireann. Uimh. Chlár. 449CU